Tarlóirí agus lasta-sheoltóirí

Earraí a iompar ó Éirinn chuig an mBreatain Mhór

Dearbhú Sábháilteachta agus Slándála Easpórtála (DIA)

Mar iompróir na n-earraí, iarrtar ort de réir dlí a chinntiú go dtíolactar dearbhú leictreonach custam Sábháilteachta agus Slándála do Chustaim na hÉireann. Ní mór é seo a thíolacadh roimh easpórtáil a dhéanamh ó Éirinn. Tugtar Dearbhú Imeachta Achomair (DIA) air seo.

Ag tráth na heaspórtála, féadann an t-easpórtálaí nó a ngníomhaire an fhaisnéis ón dearbhú Sábhailteachta agus Slándála a chomhlánú, toisc go bhféadtar é a chur in éineacht lena ndearbhú easpórtála.

Má tá earraí á mbogadh agat ag baint úsáid as seirbhís RóRó (tionlactha), meastar gur tusa an t-iompróir. Dá bhrí sin, ní mór duitse a chinntiú go dtíolactar an DIA le haghaidh na n-earraí uile ar bord na feithicle.

Mura gcuirtear an fhaisnéis ón dearbhú Sábháilteachta agus Slándála ar fáil sa dearbhú easpórtála, ní mór duit an dearbhú leictreonach a thíolacadh do Chustaim na hÉireann. Chun é seo a dhéanamh, ní mór pacáiste bogearraí custam a úsáid. De rogha air sin, féadann bróicéir custam, ag gníomhú ar do shon, an dearbhú a thíolacadh.

Má tá earraí á mbogadh agat ag baint úsáide as seirbhís báid farantóireachta (neamhthionlactha), meastar gurb é an t-oibreoir báid farantóireachta an t-iompróir. Tá dualgas ort de réir dlí a chinntiú go dtíolactar an DIA le haghaidh na n-earraí neamhthionlactha uile ar bord. Féadann páirtithe eile sa slabhra soláthair é seo a chomhlánú.

Dearbhuithe easpórtála

Teastaíonn dearbhú custam le haghaidh earraí a easpórtáiltear ó Éirinn chuig an mBreatain Mhór. Tá an t-easpórtálaí freagrach as cinntiú go gcomhlánaítear an dearbhú.

Molann na Coimisinéirí Ioncaim féachaint ar shuíomh idirlín an HMRC chun an fhaisnéis is déanaí a fháil faoi riachtanais an HMRC i leith earraí a thabhairt isteach sa Bhreatain Mhór.

Fógra Réamhbhordála (FRB)

Má iompraítear earraí ó Éirinn chuig an Bhreatain Mhór ag baint úsáid as seirbhísí farantóireachta RóRó (tionlactha nó neamhthionlactha), ní mór Fógra Réamhbhordála a thíolacadh do Chustaim na hÉireann. Ní mór an fógra seo a thíolacadh sula bhfágann na hearraí Éire.

Tá an tarlóir freagrach as cinntiú go dtíolactar an FRB ag baint úsáide as an bhfaisnéis a chuireann an t-easpórtálaí ar fáil. Féadann aon duine sa slabhra soláthair a bhfuil an fhaisnéis riachtanach acu an FRB a chruthú, áfach. Níor chóir ach FRB amháin in aghaidh na feithicle a chruthú, is cuma líon na gcoinsíneachtaí san fheithicil.

Tabhair do d’aire

Ní cheadófar feithiclí ar bord bád farantóireachta in Éirinn atá beartaithe dul chuig an mBreatain Mhór gan FRB bailí acu.

Riachtanais i leith taistil tríd an mBreatain Mhór

Táthar ag súil go gcláróidh gach tarlóir leis an HMRC le haghaidh uimhir EORI. Féadtar é seo a dhéanamh in Get an EORI number UK. Is gá uimhir EORI de chuid na Ríochta Aontaithe a bheith agat don duine a bhfuil na hearraí á sheachadadh sa Ríocht Aontaithe. Féadfaidh sé go dteastódh sé seo ó Border Force na Ríochta Aontaithe.

Chomh maith leis sin, ón 31 Deireadh Fómhair 2024, beidh ort Dearbhú Imeachta Achomair a thíolacadh don HMRC leis na gnásanna sa Bhreatain Mhór a chomhlánú.

Tabhair do d'aire

Tá riachtanais na Ríochta Aontaithe maidir le
hiompórtálacha ó Éirinn le teacht i bhfeidhm ón 31 Eanáir 2024. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an sceideal forfheidhmithe.

Ar aghaidh: Earraí a iompar ó Éirinn chuig Ballstát eile AE tríd an mBreatain Mhór