Tarlóirí agus lasta-sheoltóirí

Earraí a iompar ó Éirinn chuig Ballstát eile AE tríd an mBreatain Mhór

Dearbhú Custam – idirthuras

Féadtar d’earraí a bhogadh ó Éirinn tríd an mBreatain Mhór chuig Ballstát eile AE le dearbhú idirthurais. Sa chás seo, ní mór cóip fhisiciúil a bheith ag an tiománaí den Doiciméad Tionlacain Idirthurais (DTI). Ní mór an Mháistir-Uimhir Thagartha (MUT) uathúil ón ngluaiseacht sin a bheith sa DTI.

Dearbhú Sábháilteachta agus Slándála Easpórtála (DIA)

Mar iompróir na n-earraí, iarrtar ort de réir dlí a chinntiú go dtíolactar dearbhú leictreonach custam Sábháilteachta agus Slándála do Chustaim na hÉireann. Ní mór é seo a thíolacadh roimh easpórtáil a dhéanamh ó Éirinn. Tugtar Dearbhú Imeachta Achomair (DIA) air seo.

Ag tráth na heaspórtála, féadann an t-easpórtálaí nó a ngníomhaire an fhaisnéis ón dearbhú Sábhailteachta agus Slándála a chomhlánú, toisc go bhféadtar é a chur in éineacht lena ndearbhú idirthurais.

Má tá earraí á mbogadh agat ag baint úsáid as seirbhís RóRó (tionlactha), meastar gur tusa an t-iompróir. Dá bhrí sin, ní mór duitse a chinntiú go dtíolactar an DIA le haghaidh na n-earraí uile ar bord na feithicle.

Mura gcuirtear an fhaisnéis ón dearbhú Sábháilteachta agus Slándála ar fáil sa dearbhú idirthurais, ní mór duit an dearbhú leictreonach a thíolacadh do Chustaim na hÉireann. Chun é seo a dhéanamh, ní mór pacáiste bogearraí custam a úsáid. De rogha air sin, féadann bróicéir custam, ag gníomhú ar do shon, an dearbhú a thíolacadh.

Má tá earraí á mbogadh agat ag baint úsáid as seirbhís báid farantóireachta (neamhthionlactha), meastar gurb é an t-oibreoir báid farantóireachta an t-iompróir. Tá dualgas ort de réir dlí a chinntiú go dtíolactar an DIA le haghaidh na n-earraí neamhthionlactha uile ar bord. Féadann páirtithe eile sa slabhra soláthair é seo a chomhlánú.

Fógra Réamhbhordála (FRB)

Má iompraítear earraí tríd an mBreatain Mhór chuig Ballstát eile AE ag baint úsáid as seirbhísí farantóireachta RóRó (tionlactha nó neamhthionlactha), ní mór FRB a thíolacadh do Chustaim na hÉireann. Ní mór an fógra seo a thíolacadh sula bhfágann na hearraí Éire.

Tá an tarlóir freagrach as cinntiú go dtíolactar an FRB ag baint úsáid as an bhfaisnéis a chuireann an t-easpórtálaí ar fáil. Féadann aon duine sa slabhra soláthair a bhfuil an fhaisnéis riachtanach acu an FRB a chruthú, áfach. Níor chóir ach FRB amháin in aghaidh na feithicle a chruthú, is cuma líon na lastaí san fheithicil.

Tabhair do d’aire

Ní cheadófar feithiclí ar bord bád farantóireachta in Éirinn atá beartaithe dul chuig an mBreatain Mhór gan FRB bailí acu.

Riachtanais i leith taistil tríd an mBreatain Mhór

Táthar ag súil go gcláróidh gach tarlóir leis an HMRC le haghaidh uimhir EORI. Féadtar é seo a dhéanamh in Get an EORI number UK. Chomh maith leis sin, beidh ort Dearbhú Imeachta Achomair a thíolacadh don HMRC leis na gnásanna sa Bhreatain Mhór a chomhlánú. Mar iompróir na n-earraí, ní mór duit a sheiceáil go bhfuil an páipéarachas atá ag teastáil uait agat chun an teorainn idir an Bhreatain Mhór agus an AE a thrasnú. Chun teacht ar na córais seo, beidh EORI de chuid na Ríochta Aontaithe ag teastáil uait.

Tá tuilleadh eolais úsáidigh ina leith seo ar fáil ar na suíomhanna idirlín seo a leanas:

Dearbhú Sábháilteachta agus Slándála Iompórtála (ENS) le haghaidh athiontrála chuig an AE

Mar iompróir na n-earraí, iarrtar ort de réir dlí a chinntiú go dtíolactar Dearbhú Iontrála Achomair (ENS) le haghaidh na n-earraí uile atá ar bord. Ní mór é seo a thíolacadh do chóras custam de chuid Ballstáit eile AE, roimh an mBreatain Mhór a fhágáil. Ní mór pacáiste bogearraí custam a úsáid. De rogha air sin, féadann bróicéir custam, ag gníomhú ar do shon, an dearbhú a thíolacadh.

Tugtar Dearbhú Iontrála Achomair (ENS) air seo. Féadtar tuilleadh eolais a fháil in Naisc d’oibreoirí a bhogann earraí chuig, ó nó tríd an mBreatain Mhór.

Tabhair do d’aire

Tá sé curtha in iúl ag cuideachtaí bád farantóireachta a bhfuil seirbhísí acu chuig an Ísiltír agus an Bheilg go gcomhlánóidh siad an ENS le haghaidh athiontrála chuig na Ballstáit sin.

Ar aghaidh: Leantóirí 'Droimiompair' a iompar agus Fógra Réamhbhordála (FRB) a chruthú