Buntáistí Chomhaontú Trádála agus Comhoibrithe an AE-Ríocht Aontaithe
Tionscnamh earraí agus taraifí
San Trade and Cooperation Agreement (EU-UK TCA), tá deireadh curtha le dleachtanna taraife le haghaidh táirgí a gcomhlíonann na rialacha cuí maidir le tionscnamh. Ní fhéadtar éileamh ar chóir fhabhrach taraife a dhéanamh ach amháin sa chás go bhfuil na hearraí de thionscnamh:
- Iompórtálacha de Thionscamh na Ríochta Aontaithe
- nó
- Easpórtálacha de Thionscamh an Aontais Eorpaigh (AE).
Iompórtálacha de Thionscamh na Ríochta Aontaithe
Beidh feidhm ag ráta tosaíochta (0%) ar earraí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe. Tá sé seo ar an gcoinníoll go bhfuil iarratas le haghaidh cóir fhabhrach curtha san áireamh ar an dearbhú custam, nuair atá na hearraí ag teacht isteach le haghaidh saorchúrsaíochta san AE. Tugadh bunachar Taraife an AE (TARIC) cothrom le dáta leis an ráta seo a mbeidh feidhm leis ón 1 Eanáir 2021.
Féadtar éileamh ar chóir fhabhrach a bheith bunaithe ar ‘ráiteas ar thionscnamh’ a ndearna an t-easpórtálaí sa Bhreatain Mhór ag sonrú go bhfuil an táirge incháilithe do rátaí tosaíochta. Cuirtear san áireamh é seo ar an sonrasc arna heisiúint ag an easpórtálaí sa Bhreatain Mhór. Féadtar an t-iompórtálaí éileamh a dhéanamh ar chóir fhabhrach ar bhonn eolas an iompórtálaí. (Féach ar Alt 54 of the EU-UK TCA).
Ligeann sé seo don iompórtálaí cóir fhabhrach taraife a éileamh bunaithe ar:
- eolas i bhfoirm doiciméad tacaíochta
- nó
- taifid a sholáthraíonn an t-easpórtálaí nó an monaróir
atá i seilbh an iompórtálaithe.
Easpórtálacha de thionscnamh AE
Féadtar ráta tosaíochta (0%) a chur i bhfeidhm ar earraí de thionscnamh an AE atá á n-easpórtáil go dtí an Ríocht Aontaithe. Féadtar éilimh a bheith bunaithe ar ‘ráiteas ar thionscnamh’ nó ar ‘eolas an iompórtálaí’. D’fhéadfadh go n-éileodh iompórtálaithe sa Ríocht Aontaithe ‘ráiteas ar thionscnamh’ ó easpórtálaithe an AE chun ligean dóibh taraifí fabhracha a úsáid faoi thionscnamh fabhrach AE-Ríocht Aontaithe. Ní mór easpórtálaí AE a úsáideann ‘dearbhú tionscnamh’ a chlárú ar an gCóras d’Easpórtálaithe Cláraithe (REX) ach amháin más lú luach na coinsíneachta ná €6,000. Tá sonraí faoin gclárú Rex ar fáil ag Córas d’Easpórtálaithe Cláraithe (REX).
Ar aghaidh: Aitheantas Frithpháirteach OEÚ