Buntáistí Chomhaontú Trádála agus Comhoibrithe an AE-Ríocht Aontaithe

  1. Léargas ginearálta
  2. Tionscnamh earraí agus taraifí
  3. Aitheantas Frithpháirteach OEÚ

Aitheantas Frithpháirteach OEÚ

San EU-UK Trade and Cooperation Agreement (EU-UK TCA), ANNEX CUSTMS-1 leagtar amach na critéir le haghaidh agus an chaoi a chaitear le hOibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe (AEOs).

Baineann an t-aitheantas frithpháirteach den Chomhaontú Trádála agus Comhoibrithe AE-Ríocht Aontaithe do Oibrí Eacnamaíochta Údaraithe (OEÚ) le gnéithe sábháilteachta agus slándála. Dá bharr, féadtar OEÚ a bhfuil údarú Sábháilteachta agus Slándála (OEUS) nó a bhfuil stádas Lán údaraithe (OEÚL) acu leas a bhaint as an gcomhaontú. Áirítear na tairbhí seo a leanas :

  • níos lú rialuithe a bhaineann le sábháilteacht agus slándáil
  • agus
  • déileáil tosaíochta ag imréiteach custam.

Bainfear sealbhóirí udaruithe OEÚ a bhfuil an chuid sábháilteachta agus slándála, OEÚS agus OEÚL araon san áireamh iontu, leas an gcomhaontú. Le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do OEÚ tá an AE agus an Ríocht Aontaithe ag comhaontú:

  • go dtabharfar aitheantas don údarú OEÚ arna eisiúint faoi chlár sábháilteachta agus slándála a chéile
  • agus
  • Tairbhí frithpháirteacha ó thaobh na sábháilteachta agus slándála de a chur ar fáil d’OEÚ faoi chláir a chéile.

Níl tairbhí sábháilteachta agus slándála ar fáil sa Chomhaontú dóibh siúd a bhfuil stádas Oibreoir Eacnamaíochta Údaraithe Simplithe Custaim (AEOC) acu amháin.

Tuilleadh eolais

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le: