Párolla ROS d'Fhostóirí

Ráitis mhíosúla agus íocaíochtaí

Tá achoimre sa rannán seo ar an gcaoi le féachaint ar agus glacadh le do ráiteas míosúil agus do dhualgais íocaíochta a chomhlíonadh in ROS.

Le haghaidh eolais ar an gcaoi le féachaint ar agus glacadh leis an ráiteas míosúil, féach ar an treoirleabhar:

Nuair a bheidh glactha agat le do ráiteas míosúil, beidh dhá rogha ar fáil duit:

  • Lean ar aghaidh agus socraigh suas íocaíocht – baineann an rogha seo leat:
    • más mian leat iarratas íocaíochta a thíolacadh le Treoir Dochair ROS (TDR)
    • más mian leat íocaíocht a dhéanamh le do chárta creidmheasa nó do chárta dochair nó le sonraí bainc.

Féach ar an treoir Lean ort chun íocaíochta le haghaidh tuilleadh eolais.

  • Siar chuig an Ráiteas Cuntais – baineann an rogha seo leat:
    • má tá dochar díreach seasta nó athraitheach ar bun agat chun an dliteanas a chlúdach
    • más mian leat íocaíocht a thíolacadh ar dháta amach anseo, mar shampla, más tíolaiceoir ráithiúil thú.

Nuair a roghnaíonn tú ‘Siar chuig an Ráiteas Cuntais’, tógfar amach as an bpróiseas íocaíochta thú. Má tá sé i gceist agat íocaíocht a dhéanamh ar dháta amach anseo, féach ar an treoir:

Tabhair do d'aire nach gá duit íocaíocht a thíolacadh más rud é go gclúdóidh an dochar díreach an dliteanas.

Le haghaidh eolais ar an gcaoi le dochar díreach athraitheach a chur ar bun, féach ar an treoir:

Má tá dochar díreach seasta bunaithe agat faoi láthair, is gá é seo a chealú roimh dhochar díreach athraitheach nua a bhunú. Cinnteoidh sé seo nach n-iarrann na Coimisinéirí Ioncaim ach aon íocaíocht amháin ó do bhanc.

Tabhair do d’aire sa más tíolaiceoir ráithiúil thú, ní chuirfear tús leis na híocaíochtaí míosúla go dtí tar éis dheireadh na ráithe reatha.