Párolla ROS d'Fhostóirí

Ullmhúcháin phárolla ROS

Mínítear sa rannán seo an chaoi le hullmhú a dhéanamh le haghaidh tuairisciú párolla Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Rochtain ar ROS

Logáil isteach anois le cinntiú go bhfuil tú in ann teacht ar ROS.

Féach an rannán ar Dheacrachtaí le logáil isteach ar ROS má tá deacrachtaí agat logáil isteach.

Má fhaigheann tú meabhrúchán nuair a logálann tú isteach do dheimhniú digiteach ROS a athnuachan, déan é seo. Coinnigh nóta den phasfhocal nua agus lean na treoracha ar Do dheimhniú digiteach a shábháil chun do chomhad athnuaite deimhnithe a shábháil.

Déan céim 1 den phróiseas clárúcháin, Cuir isteach ar RAN má bhaineann ceachtar díobh seo leat:

  • más úsáideoir nua ROS thú
  • má d’imigh do dheimhniú digiteach mar riarthóir ROS in éag.

Ba chóir cúig lá oibre ar a laghad a thabhairt chun an próiseas clárúcháin a chomhlánú.

Fo-úsáideoir

Féadfaidh sé go dteastóidh deimhniú fo-úsáideora uait sa chás:

  • go bhfuil do phárolla ar ríomhaire eile ón ríomhaire ar a bhfuil do dheimhniú digiteach 
  • go theastaíonn uait go mbeidh níos mó ná duine amháin in ann teacht ar ROS
  • má tá pacáiste Tuairiscithe Dhírigh Párolla in úsáid agat.

Chun teacht ar gach feidhm párolla, tabhair ceadanna ‘Tíolaic’ don fho-dheimhniú le haghaidh ÍMAT-Fostóra (PREM).

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar na treoirleabhair:

Tá treoracha le haghaidh fo-dheimhnithe a íoslódáil ar fáil sa rannán ar dheimhnithe fo-úsáideora nó deimhnithe ceangailte.

Ba chóir duit an deimhniú a íoslódáil ar an ríomhaire a úsáideann tú chun do phárolla a rith.

Má tá pacáiste Tuairiscithe Dhírigh Párolla agat, déan teagmháil le do sholáthraí párolla le haghaidh tuilleadh treoracha.

Srian a chur ar fho-úsáideoirí faoi uimhir clárúcháin fostóra

Féadann breis agus uimhir amháin clárúcháin fostóra a bheith ag fostóirí. 

Féadfaidh sé nach mian leat go mbeidh teacht ag fo-úsáideoirí ar na huimhreacha uile clárúcháin.

Más mian leat srian a chur ar rochtain fo-úsáideora ar uimhir nó uimhreacha clárúcháin, féach ar an treoirleabhair Restricting sub-users from an Employer Registration Number.

Má tá pacáiste Tuairiscithe Dhírigh Párolla agat agus más mian leat srian a chur ar cheadanna fo-úsáideora, déan teagmháil le do sholáthraí párolla. Cuirfidh siad comhairle ort maidir leis an gcaoi leis seo a dhéanamh taobh istigh den bhogearra párolla. Má chuireann tú srian ar cheadanna ar fho-dheimhniú ROS, beidh tionchar aige seo ar do phacáiste párolla.

Gníomhairí

Ní fhéadtar ach amharc ar agus leasaithe a dhéanamh ar Thíolacthaí Párolla a thíolaic tú faoi do dheimhniú gníomhaire.

Ní fhéadtar leasuithe a dhéanamh ach amháin ar na Tíolacthaí Párolla a rinne gníomhaire roimhe seo ag baint úsáid as deimhniú digiteach ROS an fhostóra.

Más rud é go bhfuil tú ag iarraidh amharc ar nó leasuithe a dhéanamh ar mhíreanna tíolactha:

  • ag gníomhaire roimhe
  • ag an cliant go díreach

beidh ort fo-dheimhniú a iarraidh ó do chliant.

Féadann tú é seo a úsáid le rochtain a fháil ar thíolacthaí roimhe seo.

Ní mór don fhostóir iarratas a dhéanamh le haghaidh deimhniú digiteach ROS mura bhfuil ceann acu cheana.

Ar aghaidh: Tuairisciú díreach le bogearraí párolla