Párolla ROS d'Fhostóirí

Do phárolla a chur isteach de láimh ar ROS

Féadtar an rogha seo a úsáid mura bhfuil pacáiste párolla agat atá comhoiriúnach le Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Fógraí Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (fógraí FPCI)

Féadtar an fheidhm ‘Iarr fógraí FPCI’ a roghnú ar an bpainéal ‘Seirbhísí d’Fhostóirí’ chun fógraí FPCI a iarraidh le haghaidh an mhéid seo a leanas:

  • gach fostaí
  • fo-thacar sonrach fostaithe (foláíonn sé seo rogha féachana ar an scáileán)
  • gach fógra FPCI nuashonraithe ó dháta sonrach ar aghaidh
  • agus
  • fostaithe nua – arb eol a n-Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP).

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar na treoirleabhair:

Tíolacthaí párolla

Le haghaidh eolais ar an gcaoi le párolla a thíolacadh ar líne, féach ar an treoirleabhar Submitting Payroll online.

Má tá tú ag tíolacadh sonraí párolla agus mura bhfuil d’fhostaí ar an liosta, féach ar an treoirleabhair Notifying a new employee.

Ar aghaidh: Comhaid a uaslódáil de láimh le bogearraí párolla