Dleacht Ghealltóireachta

An bhfuil aon fhaoisimh ann ó Dhleacht Ghealltóireachta?

Rinneadh foráil i mBuiséad 2020 d’fhaoiseamh ó Dhleacht Ghealltóireachta agus ó Dhleacht Idirghabhálaí Gealltóireachta. Féadtar faoiseamh suas le teorainn €50,000 ar aon ghealltanas amháin in aghaidh na bliana féilire a éileamh.

Is cineál cúnamh Stáit atá i gceist leis an bhfaoiseamh agus tá sé faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Rialachán Uimhir 1407/2013 ón gCoimisiún (AE). Feidhmítear an faoiseamh i dtaca le dliteanais a éiríonn aníos ar an 1 Eanáir 2020 nó dá éis.

Féadtar an faoiseamh a éileamh ar thuairisceán le haghaidh tréimhse cuntasaíochta i ndáil le dliteanais iníoctha sa tréimhse chuntasaíochta sin. An t-uasfhaoiseamh a fhéadtar a éileamh i dtréimhse chuntasaíochta ná €12,500. Braitheann sé seo ar líon na laethanta atá an duine i mbun trádála.

Tá tuilleadh eolais i ndáil leis an uasfaoiseamh a fhéadtar a éileamh i dtréimhse chuntasaíochta ar fáil sa treoirleabhar ar an dleacht ghealltóireachta in Betting Duty Manual.

Sa chás go bhfuil dliteanais iníoctha i dtréimhse chuntasaíochta níos lú ná an t-uasfaoiseamh inéilithe sa tréimhse sin, féadtar an faoiseamh neamhéilithe a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad tréimhse cuntasaíochta eile. Ní fhéadtar, áfach, faoiseamh neamhéilithe a thabhairt ar aghaidh ó bhliain féilire amháin go dtí bliain féilire eile.

Ós rud é go bhfuil an faoiseamh faoi réir Rialachán Uimhir 1407/2013 ón gCoimisiún (AE), ní mór dearbhuithe áirithe a dhéanamh agus taifid áirithe a choinneáil ina leith. Féadtar tuilleadh eolais a fháil sa treoirleabhar ar an dleacht ghealltóireachta in Betting Duty Manual