Lamháltais maidir le Cáin Chorparáide a rinneadh
Láithreacht daoine aonair sa Stát nó taobh amuigh de
D’fhéadfadh sé go raibh fostaí, stiúrthóir, soláthraí seirbhíse nó gníomhaire srianta ó thaisteal idir dlínsí cánach mar thoradh ar COVID-19. Mar thoradh air seo, féadfaidh sé go raibh láithreacht shínte dosheachanta acu sa Stát, nó i ndlínse cánach eile.
Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim neamhaird a dhéanamh ar láithreacht den cineál sin chun críocha Cánach Corparáide do chuideachta ina raibh an fostaí, stiúrthóir, soláthraí seirbhíse nó gníomhaire:
- i láthair sa Stát nuair a mbeadh siad i láthair i ndlínse eile seachas sin
- i láthair i ndlínse eile nuair a mbeadh siad i láthair sa Stát seachas sin.
Ní mór don duine aonair agus don chuideachta taifead a choinneáil d’fhíricí agus de chúinsí na láithreachta cuí bona fide sa Stát nó taobh amuigh de.
Ní mór an taifead seo a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim, má iarrtar é, mar fhianaise go raibh an láithreacht mar thoradh ar srianta taistil bainteach le COVID-19. D'fhan an láimhseáil seo bailí go dtí an 31 Eanáir 2022, am a tarraingíodh siar í.