CBL – Trádáil idir Éire agus An Bhreatain Mhór tar éis na hidirthréimhse

Léargas ginearálta

Níl an Bhreatain Mhór ina Bhallstát den Aontas Eorpach (AE) a thuilleadh. Ciallaíonn sé seo go bhfuil feidhm ag na rialacha trádála le tríú tír maidir le trádáil leis an mBreatain Mhór.

Tabhair do d’aire

Leantar le caitheamh le Tuaisceart Éireann (TÉ) mar Bhallstát AE chun críche CBL ar earraí. Ní chaitear le TÉ mar Bhallstát chun críche CBL ar sheirbhísí. 

Féadtar teacht ar thuilleadh eolais in CBL agus trádáil le Tuaisceart Éireann.

Ar aghaidh: Iompórtáil ón mBreatain Mhór