CBL – Trádáil idir Éire agus An Bhreatain Mhór tar éis na hidirthréimhse

Easpórtáil chuig an mBreatain Mhór

Chun críocha Cánach Breisluacha (CBL), is easpórtálacha iad earraí a sheoltar go díreach chuig ceann scríbe taobh amuigh de limistéar CBL an Aontais Eorpaigh (AE). Folaíonn sé seo an Bhreatain Mhór anois.

Níl feidhm ag an tairseach ciandíolacháin a thuilleadh maidir le díolachán a dhéanann gnóthaí in Éirinn le tomhaltóirí sa Bhreatain Mhór.

Baineann an ráta nialasach CBL le heaspórtálacha. Féadtar teacht ar thuilleadh eolais in CBL agus easpórtálacha.

Ní mór duit a chinntiú gur fhág na hearraí an AE agus fianaise a bheith agat ar an easpórtáil.

Is gá duit gach easpórtáil a dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim le dearbhú easpórtála custam. Tíolactar an dearbhú go leictreonach trí Chóras Easpórtála Uathoibríoch (AES) na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid.

Teastaíonn ceadúnais chun cineálacha áirithe earraí a easpórtáil ón AE. Féadfaidh sé go n-iarrfar ort a léiriú do na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil ceadúnas agat chun na hearraí a easpórtáil.