CBL – Trádáil idir Éire agus An Bhreatain Mhór tar éis na hidirthréimhse

CBL a thabhaítear sa Bhreatain Mhór a éileamh ar ais

Faoi dhlí an Aontais Eorpaigh, féadtar Cáin Bhreisluacha (CBL) a thabhaítear i mBallstát eile a éileamh ar ais ón mBallstát eile sin Níl ort a bheith bunaithe sa stát sin. Déantar é seo tríd an gCóras Leictreonach Aisíocaíochta CBL (EVR).

Níl an Córas Leictreonach Aisíocaíochta CBL (EVR) ar fáil i leith an mhéid seo a éileamh a thuilleadh:

  • CBL a thabhaítear sa Bhreatain Mhór ag trádálaithe Éireannacha
  • CBL a thabhaítear in Éirinn ag trádálaithe ón Bhreatain Mhór. 

Má ghearradh CBL ort sa Bhreatain Mhór féadfaidh tú aisíocaíocht ar an CBL sin a iarraidh. Ní mór an iarraidh seo a dhéanamh go díreach chuig Coimisinéirí Ioncaim agus Custam na Banríona (HMRC)

Tabhair do d’aire

Féadtar an córas Leictreonach Aisíocaíochta CBL a úsáid le CBL a chaitear ar earraí i dTuaisceart Éireann a éileamh ar ais. Leasaíodh an Treoir CBL chun é seo a éascú. Foráiltear sa leasú gur chóir do thrádálaithe i dTuaisceart Éireann uimhir CBL eile chun críocha idirbhearta a bhaineann le hearraí leis an AE. Ba chóir an réimír 'XI' a chur san áireamh in uimhir CBL na trádálaithe i dTuaisceart Éireann sna hidirbhearta sin. Tá sé seo ag teacht leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann.

Ar aghaidh: Easpórtáil chuig an mBreatain Mhór