CBL – Trádáil idir Éire agus An Bhreatain Mhór tar éis na hidirthréimhse

Iompórtáil ón mBreatain Mhór

Chun críocha Cánach Breisluacha (CBL), is iompórtálacha iad earraí a thagann isteach chuig limistéar CBL an Aontais Eorpaigh (AE). Áirítear i limistéar CBL an AE Tuaisceart Éireann ach níl an Bhreatain Mhór san áireamh.

CBL ag tráth na hiompórtála

Go ginearálta, tá CBL iníoctha ag pointe na hiompórtála isteach go hÉirinn go dtí Tuaisceart Éireann. Má cheadaítear duit an córas íocaíocht iarchurtha a úsáid, áfach, ní bheidh CBL dlite ag an tráth seo. Faoin gcóras íocaíochtaí iarchurtha, ligtear duit iarchur a dhéanamh ar mhuirir áirithe iompórtála a íoc. Folaíonn na muirir iompórtála seo Dleacht Custam agus CBL. Féadtar na híocaíochtaí seo a iarchur go dtí an 15ú lá den mhí tar éis na hiompórtála. Tá earraí iompórtáilte faoi dhliteanas CBL ag an ráta céanna a bhaineann leis na hearraí sin nuair a dhíoltar in Éirinn iad.

Tabhair do d’aire

Tá gach duine atá cláraithe le haghaidh CBL agus Custaim agus Máil (C agus E) ag 11:00i.n ar an 31 Nollaig 2020 i dteideal go huathoibríoch leas a bhaint as Cuntasaíocht Iarchurtha. Chun cuntasaíocht iarchurtha a úsáid, ní mór duit cóid áirithe a chur isteach ar do dhearbhuithe iompórtála. Féadtar teacht ar thuilleadh eolais in Dleacht iompórtála a íoc ar iompórtálaithe ón Ríocht Aontaithe.

Nuair a iompórtáiltear earraí ó thaobh amuigh de limistéir CBL an AE, ríomhtar an CBL atá dlite i leith na n-earraí ar bhonn costas iomlán na n-earraí. Folaíonn sé seo costais iompair, costais árachais agus aon Dleachtanna Custam atá infheidhme. Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi le CBL a ríomh sa treoir in Guide to Import Procedures.

Beidh ort gach iompórtáil a dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim le dearbhú iompórtála custam. Tíolactar an dearbhú go leictreonach ag úsáid Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU) na Coimisinéirí Ioncaim.

Más trádálaí cláraithe le haghaidh CBL thú, is iondúil go bhfuil tú i dteideal creidmheas a ghlacadh as CBL a íocadh i leith earraí a iompórtáladh chun críocha do ghnó. Ní mór an creidmheas seo a éileamh i do thuairisceán sa tréimhse incháinithe bhainteach, faoi réir na ngnáthshrianta.

I gcúinsí áirithe, ní bhíonn CBL iníoctha ar earraí a iompórtálann trádálaí atá cláraithe le haghaidh CBL. Mar shampla, níl CBL iompórtála iníoctha ar earraí a iompórtálann trádálaí atá cláraithe le haghaidh CBL sna cásanna seo:

Ciandíolacháin

Is cleachtas coitianta é ciandíolacháín earraí ó ghnóthaí sa Bhreatain Mhór le tomhaltóirí príobháideacha in Éirinn. Tá roinnt cuideachtaí atá bunaithe sa Bhreatain Mhór cláraithe in Éirinn agus tá dualgas orthu CBL Éireannach a ghearradh mar thoradh ar an tairseach ciandíolacháín a shárú.

Tá dualgais ag na cuideachtaí seo an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • clárú le haghaidh CBL Éireannach agus CBL Éireannach a íoc ar a gcuid soláthairtí le custaiméirí Éireannacha
  • agus
  • na dearbhuithe iompórtála riachtanach a chomhlánú maidir le hearraí a iompórtálann siad isteach go hÉirinn.

Ar aghaidh: Cuntasaíocht iarchurtha