Trádálaithe neamhbhunaithe

Nialas-rátú seirbhísí chuig trádálaithe neamhbhunaithe

Is incháinithe ar bhonn frithmhuirir atá formhór na seirbhísí a sholáthraíonn soláthraithe Éireannacha chuig trádálaithe neamhbhunaithe incháinithe laistigh den Aontas Eorpach (AE). Níl seirbhísí den chineál sin faoi réir Cáin Bhreisluacha (CBL) Éireannach.

Féadann trádálaithe neamhbhunaithe:

  • nach n-iarrtar orthu clárú le haghaidh CBL sa Stát.
  • agus
  • atá ag fáil seirbhísí leanúnacha agus rialta incháinithe (nach gclúdaítear faoin riail frithmhuirir) ó thrádálaithe Éireannacha

iarratas a dhéanamh faoiseamh ó CBL a fháil i leith na seirbhísí sin.

Tá an faoiseamh seo faoi réir athbhreithniú tréimhsiúil. Tá an faoiseamh seo ar fáil agus bailí ar feadh tréimhse dhá bhliain ón dáta eisiúna. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an faoiseamh seo a athnuachan tar éis dhá bhliain, ar iarratas ón trádálaí neamhbhunaithe.

Níl feidhm ag an bhfaoiseamh seo i dtaca le soláthairtí earraí incháinithe.

Trádálaithe bunaithe san AE

Ní mór deimhniú stádais incháinithe a chur isteach le d’iarratas a dhaingníonn go bhfuil tú cláraithe le haghaidh CBL i mBallstát eile den AE.   

Trádálaithe bunaithe taobh amuigh den AE

Ní mór cruthúnas a sholáthar ar ghníomhaíocht gheilleagrach, arna eisiúint ag údarás inniúil na tíre ina bhfuil tú bunaithe. 

Cén áit a ndéantar iarratas?

Ba chóir duit an Fhoirm Éilimh VAT 60A agus na doiciméid tacaíochta a sheoladh ar ais chuig an rannóg Aisíocaíochtaí Neamhchláraithe CBL.