An Scéim Lacáiste Díosail

Clárú – Ceadúnas an Chomhphobail Eorpaigh eisithe i mBallstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh

Cén chaoi a gcláraím le bheith sa Scéim Lacáiste Díosail (SLD)?

Má tá ceadúnas oibreora iompair bóthair agat de chuid an Chomhphobail Eorpaigh, ní mór duit clárú don SLD ar an EU Operator Initial Application Form.

Ní mór duit clárú sula bhféadann tú aon fhógra nó éileamh ar SLD a thíolacadh.

Ní mór an méid seo a leanas a bheith san áireamh i d’iarratas:

  • an t-ainm agus an seoladh céanna is atá ar an iarratas, an ceadúnas, agus na litreacha um chomhlíontacht imréitigh cánach
  • seoladh iomlán, lena n-áirítear an contae, an cód poist agus an tír
  • uimhir eachtrach Cánach Breisluacha (CBL)
  • ceadúnas bailí reatha de chuid an Chomhphobail Eorpaigh uaslódáilte le d’iarratas
  • agus
  • fianaise i scríbhinn ar chomhlíontacht chánach i bhfoirm litreacha (nó litreacha) ó údarás cánach an Bhallstáit a d’eisigh do cheadúnas oibreora. Ní mór go ndearbhófaí sna litreacha seo comhlíontacht iomlán reatha chánach i leith:
    • féinmheasúnú (cáin ioncaim nó cáin chorparáide)
    • cáin fostóra
    • agus
    • CBL.

Ní mór iad seo a uaslódáil le d’iarratas in aon chomhad PDF amháin.

Nuair a dhéantar é seo go rathúil, seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim d’uimhir cánach SLD chugat sa phost in éineacht le treoir maidir le clárú le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Féadfaidh sé go dtógfaidh an próiseas clárúcháin ROS suas le trí seachtaine. Nuair a bheidh sé críochnaithe, féadfaidh tú d’éilimh SLD a thíolacadh trí ROS.

Físeán ar an bhfoirm iarratais tosaigh a chomhlánú:

Nósanna imeachta um fhógraí

Sula ndéanann tú d’éileamh tosaigh a thíolacadh, tá 3 nós imeachta um fhógraí le comhlánú agat:

1. Fógraí cárta breosla

Ní fhéadfaidh tú ach éileamh a dhéanamh ar lacáiste díosail le haghaidh ceannacháin díosal a rinne tú ag úsáid  Revenue approved fuel card. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim do cheannacháin cárta breosla a dheimhniú le sonraí a sholáthair do sholáthraí cárta breosla.

Ní mór duit eolas i leith do chártaí breosla a thabhairt trí ROS roimh éileamh a thíolacadh. Mura bhfuil an cineál cárta breosla atá agat ar an liosta, féadtar teagmháil a dhéanamh le do sholáthraí cárta le seiceáil má tá siad ar an eolas faoin scéim.

Chun na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi do chárta breosla trí ROS, ní mór duit an méid seo a leanas a thíolacadh:

  • ainm do sholáthraí cárta breosla
  • uimhir do chárta breosla
  • agus
  • an t-ainm nó aitheantóir ar an gcárta.

Físeán ar fhógraí faoi cheadúnas cárta breosla a chomhlánú:

2. Fógraí um cheadúnas de chuid an Chomhphobail Eorpaigh

Ní mór eolas thabhairt trí ROS i dtaca le gach ceadúnas de chuid an Chomhphobail Eorpaigh roimh éileamh a thíolacadh. Do gach ceadúnas bailí reatha, beidh ort sonraí an cheadúnais a chur isteach agus cóip den cheadúnas a uaslódáil.

Féadtar díosal a éileamh a úsáideadh i bhfeithicil ón dáta a cláraíodh d’fheithicil le do cheadúnas oibreora.

Nuair nach bhfuil deimhniú clárúcháin feithicle i d’ainmse, ní mór duit fógra a thíolacadh faoin gceadúnas de chuid an Chomhphobail Eorpaigh ar a léirítear sonraí na feithicle seo ar do cheadúnas.

Físeán ar fhógraí a thabhairt faoi cheadúnas de chuid an Chomhphobail Eorpaigh:

3. Fógraí faoi fheithiclí Ballstáit eile

Ní mór fógra a thabhairt i leith gach feithicle trí ROS roimh éileamh a thíolacadh.

Teastóidh an t-eolas seo a leanas uait chun fógra feithicle a thíolacadh:

  • uimhir chlárúcháin
  • dáta clárúcháin
  • catagóir feithicle
  • cáipéisí clárúcháin feithicle a uaslódáil
  • meáchan comhlán luchtaithe (kg)
  • agus
  • líon na suíochán do phaisinéirí (más cuí).

Físeán ar fhógraí faoi fheithiclí Ballstáit eile a chomhlánú:

Ar aghaidh: Éileamh – Ceadúnas an Chomhphobail Eorpaigh eisithe i mBallstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh