An Breatimeacht agus athruithe CBL
An Mionionad Uileghnó (MOSS)
Níl an córas Mionionad Uileghnó (MOSS) i bhfeidhma thuilleadh maidir le díolacháin leis an mBreatain Mhór nó Tuaisceart Éireann (TÉ). Mar sin:
- má sholáthraíonn tú seirbhísí teileachumarsáide, craoltóireachta nó seirbhísí leictreonacha gnó le tomhaltóir (B2C) don Bhreatain Mhór nó Tuaisceart Éireann
- agus
- má bhaineann tú úsáid as an Mionionad Uileghnó (MOSS) chun an Cháin Bhreisluacha (CBL) dhlite a íoc sa Ríocht Aontaithe
féadfaidh sé go mbeidh ort clárú le haghaidh CBL sa Ríocht Aontaithe agus CBL a íoc go háitiúil ansin ina áit.
Tabhair do d’aire
Rinneadh roinnt leasuithe tábhachtacha ar an Treoir um Cháin Bhreisluacha (CBL) chun oibleagáidí CBL a shimpliú maidir le gníomhaíochtaí ríomhthráchtála. Leathnaíonn na hathruithe seo na catagóirí idirbheart a fhéadtar a dhearbhú. Tháinig na hathruithe i bhfeidhm ar 1 Iúil 2021. Gheobhaidh tú tuilleadh eolas faoi na hathruithe seo in Ríomhthráchtáil CBL.