An Breatimeacht agus athruithe CBL
Scéim Easpórtála Miondíola
Faoin Scéim Easpórtála Miondíola , ceadaítear do thaistealaithe atá cónaitheach taobh amuigh den Aontas Eorpach CBL a aiséileamh i leith earraí a ceannaíodh in Éirinn agus a tógadh amach as an AE. Aiséilítear an CBL ó dhíoltóir na n-earraí nó ó na gníomhaireachtaí ag gníomhú thar a gceann.
Le héifeacht ón 1 Eanáir 2021, tháinig athrú ar an mbealach a n-oibríonn an Scéim Easpórtála Miondíola.
Faoi na hathruithe, tá an méid seo i gceist más mian leat cur isteach ar aisíocaíocht faoin Scéim Easpórtála Miondíola:
- ní mór duit a bheith cónaitheach taobh amuigh den chomhphobal
- ní mór do luach na n-earraí cáilitheacha a ceannaíodh i ngach ionad miondíola a bheith níos mó ná €75 le CBL san áireamh.
Maidir le hearraí a easpórtáiltear chuig an mBreatain Mhór (GB), i gcúinsí áirithe, iarrfar ar chruthúnas ar iompórtáil isteach sa Bhreatain Mhór agus aon dleachtanna agus cánacha iompórtála a íocadh.
Ar aghaidh: Tuairisciú