An Breatimeacht agus athruithe CBL

Tuairisciú

Tá dualgais tuairiscithe Cánach Breisluacha (CBL) i bhfeidhm ar thrádáil idir Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh (AE). Níl feidhm ag na dualgais seo a thuilleadh ar thrádáil leis an mBreatain Mhór. Tá feidhm ag na rialacha ar thrádáil earraí le Tuaisceart Éireann, áfach. Mar sin, ní bheidh ort an t-eolas seo a leanas a thuairisciú chun trádáil a dhéanamh leis an Bhreatain Mhór: 

  • sonraí ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí do ghnóthaí atá cláraithe le haghaidh CBL sa Bhreatain Mhór ar thuairisceán VIES
  • sonraí ar díolacháin chuig nó ceannacháin ón Bhreatain Mhór ar thuairisceáin Intrastat .

Tabhair do d’aire

Ní mór duit sonraí ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí do ghnóthaí atá cláraithe le haghaidh CBL i Tuaisceart Éireann a thuairisciú ar thuairisceán VIES. Ní mór duit chomh maith díolacháin earraí do Thuaisceart Éireann agus ceannacháin earraí ó Tuaisceart Éireann a thuairisciú ar tuairisceán Intrastat.

Ar aghaidh: Simpliúcháin an Aontais Eorpaigh (AE)