An Breatimeacht agus athruithe CBL
Impleachtaí CBL ar thrádáil leis an mBreatain Mhór tar éis na hidirthréimhse
Má dhéanann tú trádáil leis an Ríocht Aontaithe (seachas earraí a thrádáil le Tuaisceart Éireann), beidh feidhm ag na rialacha trádála le tír neamh-AE.
Tabhair do d’aire
Caithfear le Tuaisceart Éireann (TÉ) mar Bhallstát AE maidir le CBL ar earraí. Ní caitheadh le TÉ mar Bhallstát chun críche CBL ar sheirbhísí.
Ciallaíonn sé seo:
Tá sé tábhachtach go gcoinníonn tú suas le forbairtí sa reachtaíocht CBL sa Ríocht Aontaithe. D’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar na forbairtí seo go mbeidh riachtanas ann clárú le haghaidh CBL sa Ríocht Aontaithe nó sonraí díolacháin a thuairisciú don HMRC..
Tá eolas faoi chlárú le haghaidh CBL ar fáil ar:
Tabhair do d’aire
Ní theastaíonn uimhir CBL chun cur isteach ar uimhir Cláraithe agus Aitheanta Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI).
Tá Cuntasaíocht iarchurtha ar fáil anois i leith CBL ar iompórtálacha do gach trádálaí atá cláraithe le haghaidh CBL. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trádálaithe nach gcomhlíonann coinníollacha agus riachtanais áirithe a eisiamh ón scéim seo a úsáid.
Bíonn idirbheart CBL-neodrach i gceist do thrádálaithe a iompórtálann earraí isteach go hÉirinn mar thoradh ar Chuntasaíocht iarchurtha Ní gá do thrádálaithe CBL a íoc ag tráth na hiompórtála. Féadtar tuilleadh eolais a fháil in Cuntasaíocht iarchurtha.
Má tá tú ag easpórtáil go hÉirinn ó thríú tír, go ginearálta níl sé riachtanach a bheith cláraithe le haghaidh CBL in Éirinn.
Ar aghaidh: CBL ar sheirbhísí