An Breatimeacht agus athruithe CBL

CBL ar sheirbhísí

Más rud é:

go dtí nó ón Ríocht Aontaithe (lena n-áirítear Tuaisceart Éireann), tá rialacha éagsúla maidir le háit an tsoláthair i bhfeidhm i leith Cáin Bhreisluacha (CBL) ar sheirbhísí.

Braitheann riail an áit soláthair atá le cur i bhfeidhm ar cé acu an gnó nó tomhaltóir an custaiméir. 

Seirbhísí Gnó le Gnó (B2B)

I gcás seirbhísí B2B, is é áit an tsoláthair an áit a bhfuil an gnó a fhaigheann na seirbhísí bunaithe. Má fhaigheann tú seirbhísí ó chuideachta atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe, beidh CBL Éireannach dlite ar na seirbhísí de ghnáth.

Má soláthraíonn tú seirbhísí do chuideachta atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe tar éis na hidirthréimhse, beidh CBL ón Ríocht Aontaithe dlite ar na seirbhísí de ghnáth.

Seirbhísí Gnó le Tomhaltóir (B2C)

I gcás soláthairtí B2C, is é áit an tsoláthair an áit ina bhfuil an soláthraí bunaithe.

Ní bheidh mórán seirbhísí a sholáthraítear ó Éirinn do chustaiméirí neamhghnó taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE), faoi dhliteanas CBL in Éirinn, áfach.

Faoi réir na bhforálacha Úsáide agus Tairbhithe, níl CBL dlite ar na seirbhísí seo a leanas arna soláthar do chustaiméirí neamhghnó bunaithe taobh amuigh den AE:

  • Aistrithe agus sannacháin chóipchirt, paitinní, ceadúnais, trádmharcanna agus cearta cosúla.
  • Seirbhísí fógraíochta.
  • Seirbhísí sainchomhairleoirí, innealtóirí, gnóthais sainchomhairleoireachta, dlíodóirí, cuntasóirí agus seirbhísí eile den chineál sin, chomh maith le próiseáil sonraí agus soláthar faisnéise.
  • Dualgais staonadh ó ghníomhaíocht ghnó nó ceart, a leanúint nó a chomhlíonadh go hiomlán nó i bpáirt.
  • Idirbhearta baincéireachta, airgeadais agus árachais lena n-áirítear athárachas, seachas fruiliú taisceadán.
  • Soláthar foirne.
  • Fruiliú maoine inaistrithe inláimhsithe cé is moite de gach modh iompair.
  • Rochtain a sholáthar, ar iompar nó ar tharchur, trí chórais gáis nádúrtha agus córais dáilte leictreachais. Tá soláthar seirbhísí eile atá bainteach leo go díreach san áireamh anseo.
  • Seirbhísí teileachumarsáide.
  • Seirbhísí craoltóireachta raidió agus teilifíse.
  • Seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach.

Aon seirbhísí nach bhfuil san áireamh ar an liosta thuas a sholáthraítear do chustaiméir neamhghnó taobh amuigh den AE, beidh siad faoi dhliteanas CBL in Éirinn ag an ráta cuí.

Tá tuilleadh eolais ar soláthairtí seirbhísí B2B agus B2C ar fáil ar CBL a ghearradh ar sheirbhísí

Ar aghaidh: Scéim Easpórtála Miondíola