Féachaint ar do phá agus ar do cháin

Ón 1 Eanáir 2019 ar aghaidh, tá sé de dhualgas ar d’fhostóir do phá agus d’asbhaintí Cánach Ioncaim a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim ar gach dáta íocaíochta, nó roimhe sin.

Más custaiméir Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) tú, féadfaidh tú féachaint ar an bhfaisnéis a thuairiscigh d’fhostóir ó 2019. Déantar an fhaisnéis seo a nuashonrú thar oíche agus féadtar teacht uirthi faoin gcluaisín 'Seirbhísí ÍMAT' in moChúrsaí. Don bhliain reatha, féadfaidh tú teacht ar an fhaisnéis seo tríd an nasc 'Bainistigh do Cháin'.

Féadfaidh tú do chuid sonraí pá agus cánach do 2019 a fheiceáil trí nasc ‘Achoimre Sonraí Fostaíochta’ a roghnú in 'Déan Athbhreithniú ar do Cháin'.

Ní féadtar ach do asbhaintí pá agus Cánach Ioncaim amháin a fheiceáil. Ní thuairiscíonn d’fhostóir asbhaintí neamhreachtúla chuig na Coimisinéirí Ioncaim, amhail síntiúis ceardchumainn nó íocaíochtaí comhair chreidmheasa.

Ba chóir duit dul i dteagmháil le d’fhostóir sa chás go bhfeiceann tú difríocht ar bith idir na figiúirí atá le feiceáil ar moChúrsaí agus na figiúirí a thug d’fhostóir duit. Is gá do d’fhostóir aon fhadhb a aimsíonn tú a réiteach.

Mura bhfuil réiteach ar an bhfadhb tar éis duit labhairt le d’fhostóir, ba chóir teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim le M’Fhiosruithe.