Cáin Leictreachais

Taifid

Ní mór gach taifead a bhaineann leis an gcáin a choinneáil ar feadh íostréimhse sé bliana. Féadtar iad a choinneáil i bhformáid leictreonach, ar an gcoinníoll go bhféadtar iad a tháirgeadh nuair a iarrtar iad i bhfoirm phriontáilte.

Leagtar amach sna Rialacháin Cánach Leictreachais, 2008 (I.R. Uimhir 385 de 2008) tuilleadh riachtanas de chuid na gCoimisineirí Ioncaim maidir le taifid a choinneáil.