Faoiseamh chun do Ghnó féin a chur ar Bun

Céard a tharlaíonn má dhéanann tú caillteanas sa chéad bhliain?

De ghnáth má dhéanann tú caillteanas i mbliain, ní mór duit an caillteanas sin a úsáid i gcoinne na mbrabús an bhliain dar gcionn. Úsáidtear faoiseamh faoin bhFaoiseamh chun do Ghnó Féin a Chur ar Bun sula n-éilíonn tú faoiseamh ar chaillteanais chun cinn. Dá bhrí sin, i gcás ina ndéanann tú caillteanas i mbliain 1, ní mór duit an Faoiseamh chun do Ghnó Féin a Chur ar Bun a éileamh i mbliain 2 sula ndéanfaidh tú éileamh ar fhaoiseamh ar aon chaillteanais a rinne tú sa chéad bhliain. Cinntíonn sé sin má dhéanann tú caillteanas, go bhfaighidh tú an luach iarbhír le haghaidh na gcaillteanas sin i mblianta amach anseo.

Liúntais Chaipitil

Ní mór duit an Faoiseamh chun do Ghnó Féin a Chur ar Bun a úsáid sula ndéanann tú éileamh ar liúntais chaipitil. Féadfaidh tú aon suimeanna neamhúsáidte de liúntais chaipitil a thabhairt ar aghaidh le húsáid amach anseo.