Faoiseamh chun do Ghnó féin a chur ar Bun

Cén chaoi a ríomhfaidh tú an faoiseamh?

Leis an bhFaoiseamh chun do Ghnó Féin a chur ar Bun, féadfaidh tú suas le huasmhéid €40,000 sa bhliain a shaothrú gan Cáin Ioncaim a íoc air. Ríomhtar an díolúine sin ar na chéad dá bhliain de do ghnó nua. Tosaíonn an tréimhse 24 mí ón dáta ar a gcuireann tú do ghnó nua ar bun.

Má chuir tú do ghnó nua ar bun i mí Eanáir, tá do 24 mí faoisimh ídithe agat i mbliain 1 agus i mbliain 2. Ní bheidh aon faoiseamh ar fáil le haghaidh bliain 3. Má chuir tú do ghnó ar bun níos déanaí sa bhliain beidh faoiseamh ar fáil fós i mbliain 3.

Bliain 1

Má chuireann tú do ghnó féin ar bun i mí Eanáir, ceadaítear díolúine de €40,000 duit le haghaidh bliain 1. Má thosaigh tú níos déanaí sa bhliain, laghdaítear an díolúine bunaithe ar an gcuid den bhliain atá fágtha.

Bliain 2

Ceadaítear díolúine €40,000 duit. Áireofar tréimhse 12 mhí leis an dara bliain i gcónaí, mar sin ní laghdófar an tsuim sin.

Bliain 3

Ceadófar an chuid eile den díolúine nár úsáid tú i mbliain 1 duit. Mar shampla, má d'éiligh tú 11 mí i mbliain 1, beidh mí amháin fágtha agat.

Féadfaidh sé go roghnófá deireadh bliana eile le haghaidh do chuntais. Le fáil cé na brabúis a ngearrfar cáin orthu gach bliain, téigh chuig na rialacha speisialta chun an bunthréimhse chun tosú ag trádáil a chinneadh.

Ar aghaidh: Céard a tharlaíonn má dhéanann tú caillteanas sa chéad bhliain?