Faoiseamh chun do Ghnó féin a chur ar Bun

Cé a cháilíonn don fhaoiseamh seo?

Féadafaidh sé go gcáileofá don fhaoiseamh seo má tá tú dífhostaithe le 12 mhí nó níos faide. I rith an 12 mhí sin, ní mór duit ceann díobh seo a leanas a bheith faighte agat mar atá leagtha síos ar shuíomh idirlín na Roinne Coimirce Sóisialaí (RCS)

  • Ranníocaíochtaí ÁSPC Creidiúna
  • Liúntas Cuardaitheora Poist
  • Sochar Cuardaitheora Poist
  • Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
  • Íocaíocht Cumais Pháirtigh.

Sosanna i Sochar nó i Liúntas Cuardaitheora Poist

Féadfaidh sé go raibh briseadh agat i d'éileamh ar Shochar nó ar Liúntas Cuardaitheora Poist. In imthosca áirithe féadfaidh sé go gcáileofá fós don Fhaoiseamh chun do Ghnó Féin a chur ar bun.

Fostaíocht a ghlacadh nár oibrigh amach

D'fhéadfadh sé tarlú go gcaithfidh tú stop a chur le Liúntas nó Sochar Cuardaitheora Poist a éileamh chun tús a chur le post nua. Mura n-oibríonn an post sin amach, féadfaidh sé go mbeidh tú in ann Liúntas nó Sochar Cuardaitheora Poist a éileamh arís.

Dífhostaíocht fhadtéarmach a chinneadh

Má dhéanann tú Sochar/Liúntas Cuardaitheora Poist a aiséileamh laistigh de thréimhse 12 mhí, ríomhtar do thréimhse dífhostaíochta fadtéarmach trí do:

  • tréimhse dífhostaíochta reatha
  • agus
  • tréimhse dífhostaíochta roimhe sin.

Tabhair do d'aire

Ní fhéadfaidh tú ach dhá thréimhse dífhostaíochta a nascadh mura bhfuil ach tréimhse 12 mhí eatarthu.

Ar aghaidh: An gcuirfear aon srianta ar do ghnó?