Feithiclí a iompórtáil ón mBreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann

Feithiclí a iompórtáiltear ó Thuaisceart Éireann, nó a threoraítear tríthi

Feithiclí iompórtáilte go hÉirinn trí Thuaisceart Éireann

Ní mór carranna athláimhe a iompórtáiltear ón mBreatain Mhór isteach sa Stát a dhearbhú do Chustaim agus tá siad faoi dhliteanas Cháin Bhreisluacha (CBL) ag tráth na hiompórtála, agus Dleacht Custam, más cuí. Ní sheachnaíonn iompórtálacha den chineál sin a threorú trí Thuaisceart Éireann riachtanais AE i ndáil le Dleacht Custam agus CBL ag tráth na hiompórtála.

Tá reachtaíocht tugtha isteach ag an Ríocht Aontaithe chun foráil a dhéanamh don Scéim Íocaíochta Mótarfheithiclí Athláimhe (SHMVPS). Faoin scéim nua seo, cuirfear ar chumas díoltóirí carranna atá cláraithe le haghaidh CBL i dTuaisceart Éireann agus i mBallstáit an AE an chuid CBL de chostas na feithicle a aiséileamh:

  • má cheannaítear an fheithicil sa Bhreatain Mhór
  • agus
  • má bhaintear nó má easpórtálann siad as sin í lena hathdhíol i dTuaisceart Éireann nó i mBallstát AE.

Tá feidhm ag na rialacha nua seo ón 1 Bealtaine 2023 agus féadtar éilimh a dhéanamh ó Lúnasa 2023 ar aghaidh. Tá treoir mhionsonraithe ar fáil ón HMRC.

Feithiclí ceannaithe ag díoltóirí Thuaisceart Éireann roimh an 1 Bealtaine 2023 agus díolta roimh an 01 Bealtaine 2024 a chlárú

Sa chás gur cheannaigh díoltóirí Thuaisceart Éireann feithicil sa Bhreatain Mhór agus gur dearbhaíodh chuig Custaim í ag tráth na hiompórtála chuig Tuaisceart Éireann roimh an 1 Bealtaine 2023, beidh dliteanas CBL ag tráth na hiompórtála chun an Stáit i gceist. Gearrfar CBL ag an ráta caighdeánach (23% faoi láthair) agus ní mór é a scaoileadh sula bhféadtar an fheithicil a chlárú.

Tá an duine atá ag iarraidh an fheithicil a chlárú freagrach as a chinntiú:

Nuair atá sé seo comhlánaithe, féadtar an fheithicil a chur ar fáil le haghaidh clárúcháin ag ionad na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna (SNTC).

Beidh ort an méid seo a leanas a chur ar fáil ag an gclárúchán:

  • an doiciméad clárúcháin eachtrach (an V5C ón Ríocht Aontaithe)
  • deimhniú ó na Coimisinéirí Ioncaim gur próiseáladh Dearbhú Forlíontach Iompórtála don fheithicil
  • agus
  • aon doiciméid tacaíochta eile.

Roimh fheithiclí a ceannaíodh sa Bhreatain Mhór agus a dearbhaíodh chuig Chustaim i dTuaisceart Éireann iad a chlárú

Sa chás gur bhain ceannaitheoir leas as an rogha feithicil a iompórtáil isteach sa Stát trí Thuaisceart Éireann agus go bhfuil na gnásanna Custam comhlánaithe aige i dTuaisceart Éireann, lena n-áirítear íocaíocht aon dleacht custam, más cuí, beidh dliteanas CBL ag tráth na hiompórtála chun an Stáit i gceist. Gearrfar CBL ag an ráta caighdeánach (23% faoi láthair) agus ní mór é a scaoileadh sula bhféadtar an fheithicil a chlárú in Éirinn.

I gcásanna den chineál sin, ní mór Supplementary Import Declaration Form – CBL ag tráth na hiompórtála ar Fheithiclí Athláimhe a thíolacadh agus an CBL bainteach ar dhliteanas iompórtála a íoc.

Chun leas a bhaint as an nós imeachta seo, ní mór go mbeidh an dearbhóir in ann cruthúnas ar dhearbhú Custam ag tráth na hiompórtála isteach chuig Tuaisceart Éireann a chur ar fáil. Ní mór go sonróidh cruthúnas den chineál sin go soiléir an fheithicil agus an dáta iompórtála.

Dearbhú Forlíontach Iompórtála - CBL ag tráth na hiompórtála ar Fheithiclí Athláimhe a thíolacadh

  1. Íoslódáil agus comhlánaigh Supplementary Import Declaration Form ó shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.
  2. Tíolaic an fhoirm trí M’Fhiosruithe trí logáil isteach ar moChúrsaí nó Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) agus roghnaigh an cluaisín M’Fhiosruithe.
  3. Faoin gceannteidil CBL sa roghchlár aníos ‘Baineann M’Fhiosrú le’, roghnaigh an chatagóir Dearbhú Forlíontach Iompórtála - CBL ag tráth na hiompórtála ar Fheithiclí Athláimhe sa roghchlár aníos ‘...agus níos beaichte’.
  4. Cuir cóip chomhlánaithe den Dearbhú Forlíontach Iompórtála, cruthúnas ar dhearbhú chuig Custaim i dTuaisceart Éireann agus cóip den sonrasc ceannaigh a léiríonn praghas ceannaigh na feithicle leis.
  5. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na doiciméid, déanfaidh ball foirne de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim teagmháil leat leis na dliteanais CBL a íoc a shocrú, más cuí. Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim doiciméid ar fáil a fhéadtar a chur ar fáil ag an ionad SNTC le clárú na feithicle a éascú.

Féadann daoine cláraithe le haghaidh CBL roghnú leas a bhaint as cuntasaíocht iarchurtha ag tráth na hiompórtála maidir le hiompórtálacha ó Thuaisceart Éireann. Féadann trádálaithe le hUimhir Chuntais Trádálaí Custaim agus Mál iarchurtha, lena n-áirítear na ráthaíochtaí airgeadais chuí, roghnú íocaíocht a dhéanamh óna gcuntas UCT. Iarrfar ar gach duine eile íocaíocht a dhéanamh tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim athbhreithniú a dhéanamh ar an dearbhú forlíontach agus na doiciméid lena mbaineann.

Ar aghaidh: Feithiclí cláraithe gan chruthúnas ar dhearbhú do chustaim i dTuaisceart Éireann