Cáin Charbóin ar Bhreosla Soladach (CCBS)

Taifid

Ní mór cuntais agus taifid a bhaineann leis an gCáin Charbóin ar Bhreosla Soladach (CCBS) a choinneáil ar feadh tréimhse sé bliana. Féadtar iad a choinneáil i bhformáid leictreonach, ar an gcoinníoll go bhféadtar iad a chur ar fáil nuair a iarrtar iad i bhfoirm phriontáilte.

Ní mór na taifid seo a leanas a choinneáil:

  • leabhair
  • cáipéisí lena n-áirítear sonraisc, orduithe seachadta agus ceannaigh, taifid stoic, dearbhuithe a bhaineann le soláthairtí saor ó cháin agus soláthairtí faoi fhaoiseamh cánach, agus mar sin de
  • agus
  • cuntais, nó eolas eile ábhartha, lena n-áirítear eolas a stóráiltear ar mheán leictreonach i bhfoirm ar bith.

Aon mhonaróirí a fhaigheann soláthar breosla sholadaigh saor ó cháin lena úsáid mar amhábhar i monarú, ní mór dóibh taifid dhóthanacha a choinneáil. I measc na dtaifead a bhaineann leis an soláthar sin tá:

  • cóip den dearbhú a tugadh don soláthraí
  • cur síos ar an bpróiseas monaraithe do gach táirge breosla sholadaigh
  • agus
  • tionchair an phróisis monaraithe ar thréithe an bhreosla sholadaigh a úsáidtear leis an táirge breosla sholadaigh a mhonarú.