Aisíocaíocht dífhostaíochta a éileamh

Cén chaoi le haisíocaíocht dífhostaíochta ar líne a éileamh

Féadtar éileamh le haghaidh aisíocaíocht dífhostaíochta ar líne a dhéanamh tríd an gcárta 'Seirbhísí Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT)' in moChúrsaí don bhliain chánach reatha. Má bhí tú dífhostaithe sa bhliain cánach roimhe ní mór duit Tuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú don bhliain shonrach sin.

Is gá duit aon ioncam breise a dhearbhú agus aon chreidmheasanna cánach a bhfuil tú ina dteideal a éileamh,  sula leanann tú ar aghaidh le haisíocaíocht dífhostaíochta ar líne a éileamh. Féadfaidh tú é seo a dhéanamh trí ‘Bainistigh do cháin’, i moChúrsaí.

Beidh do shonraí pá agus cánach agus dáta scoir ar fáil in moChúrsaí nuair a bheidh siad tuairiscithe ag d’fhostóir do na Coimisinéirí Ioncaim. Tabhair do d'aire gur gá d'fhostaíocht a bheith scortha chun aisíocaíocht dífhostaíochta a éileamh.

Iarrfar ort an chúis le d’éileamh a lua. Mar shampla, má tá tú dífhostaithe nó má tá tú ag dul thar lear. Cuirfear ceisteanna cuí ort ansin a theastaíonn chun d’éileamh a phróiseáil.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís 

Custaiméirí moChúrsaí

Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí ‘Aisíocaíocht dífhostaíochta a éileamh’ faoin gcluaisín Seirbhísí ÍMAT a chliceáil.

Custaiméirí ROS

Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), ach an cluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ a oscailt agus faoin rannán ‘Seirbhísí Eile’, cliceáil ar ‘Seirbhísí ÍMAT 2019’. 

Féach ar Tréimhsí dífhostaíochta sa rannán Poist agus pinsin, chun tuilleadh eolais a fháil ar an méid seo:

  • cé lena n-aghaidh an tseirbhís seo
  • agus
  • cén uair a fhéadtar éileamh i leith aisíocaíocht dífhostaíochta a dhéanamh.