Thug na comhcheannaitheoirí céaduaire Seán agus Laoise tógáil a dtí nuathógtha chun críche ar 31 Eanáir 2015. Bhí siad in ann cónaí ann láithreach bonn.
Is é €300,000 luach an tí chríochnaithe. Is é an coigilteas uasta ar a bhfuil faoiseamh dlite €60,000 (€300,000 @ 20%).
I gcaitheamh na gceithre bliana roimh an dáta críochnaithe, 1 Feabhra 2011 go dtí 31 Eanáir 2015, rinne Seán €30,000 a choigilt. Íocadh ollús €420 leis agus d’íoc sé CCÚT €143 ar an ús*.
Rinne Laoise €35,000 a choigilt. Íocadh ollús €490 léi agus d’íoc sí CCÚT €167 ar an ús*.
Sáraíonn a gcoigilteas an 20% uasta den luach críochnaithe. Ní cheadaítear dóibh ach aisíocaíocht ar an gcoigilteas uasta atá incheadaithe.
*Seán: €60,000 / €65,000 x €143 = €132
*Laoise: €60,000 / €65,000 x €167 = €154.15