Dleacht Stampa agus léasanna

Socruithe eatramhacha

Nóta

Baineann an ráta 7.5% le hionstraimí (doiciméid i scríbhinn) a forghníomhaíodh ar an 9 Deireadh Fómhair 2019 nó dá éis.

Foráiltear i mBuiséad 2020 le haghaidh socruithe eatramhacha.

Faoi na socruithe seo:

  • sa chás go bhfuil conradh ceangailteach ar bun roimh 9 Deireadh Fómhair 2019
  • agus
  • go bhforghníomhaítear an ionstraim aistrithe roimh an 1 Eanáir 2020
  • agus
  • go bhfuil deimhniú san áireamh san ionstraim

íocfaidh tú Dleacht Stampa ag an ráta réamh-Bhuiséid 6%.

An fhoclaíocht sa deimhniú ná:

“Deimhnítear leis seo go ndearnadh an ionstraim seo a fhorghníomhú go heisiach de bhun conradh ceangailteach a rinneadh roimh 9 Deireadh Fómhair 2019.”

Faoi Acht Airgeadais 2017, méadaíodh an ráta ar bhisigh ó 2% go 6%. Rinneadh foráil faoin Acht chomh maith le haghaidh socruithe eatramhacha.

Faoi na socruithe, tá ráta dleachta 2% inmhuirir ar ionstraimí a fhorghníomhaítear roimh an 1 Eanáir 2018:

  • sa chás go bhfuil conradh ceangailteach i bhfeidhm roimh an 11 Deireadh Fómhair 2017
  • agus
  • go bhfuil deimhniú san ionstraim.

Is é foclaíocht an deimhnithe ná:

"Deimhnítear leis seo gur forghníomhaíodh an ionstraim seo go heisiach de bhun conradh ceangailteach a rinneadh roimh an 11 Deireadh Fómhair 2017."