Dleacht Stampa agus Maoin
Malartuithe
Féadtar talamh faoi d’úinéireacht (lena n-áirítear foirgnimh) a mhalartú le haghaidh talún atá faoi úinéireacht duine eile. Íoctar Dleacht Stampa i leith na hionstraime (doiciméad i scríbhinn) a lena gcothaítear an malartú. Íoctar Dleacht Stampa i leith luach margaidh na talún a mhalartaítear.
- Sampla 1
In 2018, mhalartaigh Tomás a theach i gCorcaigh a bhfuil luach €190,000 air le haghaidh fheirm Mháire i gCorcaigh a bhfuil luach €150,000 air.
Ós rud é go bhfuil an teach níos luachmhaire ná an fheirm, íocfaidh Máire €40,000 le Tomás (de ghnáth, tugtar airgead comhionannais ar an gcineál íocaíochta seo). Déanann siad ionstraim (ar a dtugtar gníomhas malartaithe) a fhorghníomhú (a shíniú) ionas go dtiocfaidh an malartú i bhfeidhm
Tá Dleacht Stampa inmhuirir i leith an mhéid seo:
• €190,000 ar teach Thomáis a aistriú
• €150,000* ar fheirm Mháire a aistriú.
*tugtar neamhaird ar an airgead comhionannais €40,000
Má dhéantar an malartú de bhun dhá ionstraim, is é sin,
• ionstraim amháin chun teach Thomáis a aistriú chuig Máire
• ionstraim amháin chun feirm Mháire a aistriú chuig Tomás
tá Dleacht Stampa inmhuirir i leith an mhéid seo:
• €190,000 ar teach Thomáis a aistriú
• €150,000 ar fheirm Mháire a aistriú.
- Sampla 2
Is mar a chéile iad na fíricí lena bhfuil thuas i Sampla 1.
Tá morgáiste €20,000 ar an bhfeirm agus ghlac Tomás freagracht as é sin a íoc.
Tá Dleacht Stampa inmhuirir i leith an €190,000 agus an €150,000 – tugtar neamhaird ar an gcomaoin glacadh fiachais €20,000.
Féadtar maoin dho-aistrithe (talamh) in Éirinn a mhalartú le haghaidh maoin, bíodh sé do-aistrithe nó eile, i dtír eile. Níl Dleacht Stampa inmhuirir ach ar luach na maoine do-aistrithe Éireannaí.
Idir-rannta nó roinnteáin
Féadfaidh talamh a bheith faoi chomh-úinéireacht agat le duine eile mar nascthionóntaí nó mar thionóntaí i gcoiteannas.
Féadfaidh sé go ndéanfar cinneadh an talamh a idir-roinnt ionas go mbeidh a gcuid féin ar leithligh ag gach duine.
Íocfaidh tú Dleacht Stampa i leith na hionstraime lena dtugtar an idir-roinnt i bhfeidhm má sháraíonn an chomaoin €130.
Má sháraíonn an chomaoin €130, is gá Dleacht Stampa a íoc i leith na comaoine uile.
- Sampla 3
Tá Máire agus Tomás ina nascthionóntaí ar thalamh talmhaíochta a bhfuil luach €200,000 air.
Rinne siad an cinneadh an talamh a idir-roinnt, agus cuid an duine ar luach €100,000 a thógáil.
D’fhorghníomhaigh siad ionstraim (ar a dtugtar Gníomhas Idir-Roinnte) chun an malartú a thabhairt i bhfeidhm.
Ní íocann siad aon chomaoin lena chéile.
Níl Dleacht Stampa inmhuirir. Níl ort tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh.
Féadann duine de na chomhúinéirí níos mó ná a t(h)eidlíocht féin a fháil agus gan an luach iomlán a íoc ina leith. Tá Dleacht Stampa inmhuirir i leith na difríochta sa luach.
- Sampla 4
Tá Máire agus Tomás ina nascthionóntaí ar thalamh in Éirinn a bhfuil luach €200,000 air.
Rinne siad an cinneadh an talamh a idir-roinnt agus an talamh ar luach €110,000 a thabhairt do Mháire agus an talamh ar luach €190,000 a thabhairt do Thomás.
D’fhorghníomhaigh siad Gníomhas Idir-Roinnte.
Ní íocann Tomás aon airgead comhionannais le Máire
Mar gheall go bhfuil Tomás ag fáil €40,000 níos mó ná a theidlíocht, tá Dleacht Stampa inmhuirir i leith an €40,000.
Mura bhfuil aon bhronntanas i gceist, níl Dleacht Stampa inmhuirir. Níl ort tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh.
Tá sé coitianta é do chéilí nó do pháirtnéirí sibhialta teach an teaghlaigh a bheith faoina n-úinéireacht mar nascthionóntaí. Féadfaidh sé go dtiocfadh deireadh leis an gcaidreamh ina dhiaidh sin, agus go n-aistrítear úinéireacht an tí chuig duine acu.
- Sampla 5
Is fear chéile agus bean chéile iad Siobhán agus Seosamh.
Tá áras an teaghlaigh faoi úinéireacht acu mar nascthionóntaí.
Scaoileadh an pósadh ina dhiaidh sin, agus d’ordaigh an chúirt gur chóir an teach a aistriú chuig Seosamh.
Tá luach €150,000 ar an teach (iomlán).
Tá Dleacht Stampa inmhuirir i leith €75,000 toisc go bhfuil Seosamh ag fáil an leath den teach a bhíodh ag Siobhán.
Féadann Seán an díolúine i leith aistrithe idir iarchéilí a éileamh.
Nascthionóntacht a thiontú isteach ina tionóntacht i gcoiteannas
Féadfaidh sé gur mian leat nascthionóntacht a thiontú isteach ina tionóntacht i gcoiteannas. Is éard a thugtar ar an bpróiseas seo ná an nascthionóntacht a scor.
Níl Dleacht Stampa inmhuirir sa chás go bhfaigheann gach comhúinéir an scair a bhí siad i dteideal a fháil. Níl ort tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh.
Má fhaigheann aon chomhúinéir níos mó ná an scair a bhí siad i dteideal a fháil mar nascthionóntaí, tá Dleacht Stampa inmhuirir i leith an “fharasbairr”.
- Sampla 6
Tá feirm faoi chomhúinéireacht ag Máire agus Seosamh agus iad mar nascthionóntaí.
D’fhorghníomhaigh siad ionstraim a ionas go mbeidh siad ina dtionóntaí i gcoiteannas agus an méid seo i gceist:
• Scair úinéireachta 40% san fheirm ag dul chuig Máire
agus
• Scair úinéireachta 60% ag dul chuig Seosamh.
Tá Dleacht Stampa inmhuirir i leith luach na scaire 10% atá Seosamh ag fáil anuas ar a theidlíocht.
Eisiúintí
Féadfaidh sé go bhfuil maoin faoi d’úinéireacht, nó go bhfuil tú i dteideal maoine nó go bhfuil leas agat i maoin a chinneann tú a scaoileadh. Tá Dleacht Stampa inmhuirir ar scaoiltí i scríbhinn.
Samplaí d’eisiúintí is ea:
- leas saoil scaoilte ag tionónta saoil le fuíollaí nó le duine eile
- leas saoil scaoilte ag an bhfuíollaí le thionónta saoil nó le dhuine eile.
- Sampla 7
Tá leas saoil ag Máire i dteach feirme in Éirinn. Ciallaíonn sé seo go bhféadann Máire cónaí sa teach feirme go dtí go bhfaigheann sí bás.
Nuair a fhaigheann sí bás, tabharfar an teach a chur ar aghaidh dá deartháir, Tomás. Is é Tomás an fuíollaí, is é sin, an té a fhaigheann an teach feirme nuair a fhaigheann Máire bás.
D’fhorghníomhaigh Máire ionstraim (ar a dtugtar Gníomhas Scaoilte) lena scaoiltear a leas saoil chuig Tomás. Ciallaíonn sé seo go bhfuil Tomás láithreach ina úinéir ar an bhfeirm.
Mar mhalairt air sin, íocfaidh Tomás €10,000 le Máire .
Tá Dleacht Stampa inmhuirir i leith €10,000.
Murab ionann an €10,000 agus luach margaidh an leasa saoil, áfach, bheadh bronntanas i gceist. I gcás bronntanais, tá Dleacht Stampa inmhuirir ar an luach margaidh.
Géilltí
Féadfaidh sé go bhfuil maoin faoi d’úinéireacht nó go bhfuil tú i dteideal leas i maoin a chinneann tú a ghéilleadh.
Mar shampla, féadtar do léas a ghéilleadh do do thiarna talún. Má íocann an tiarna talún comaoin leat as ucht é a ghéilleadh, tá Dleacht Stampa inmhuirir.
Má ghéilleann tú do léas ach nach n-íocann do thiarna talún comaoin leat, tá Dleacht Stampa inmhuirir má tá bronntanas i gceist. I gcás bronntanais, íoctar Dleacht Stampa i luach géillte an léasa.
Má íocann tú an tiarna talún as ucht an ghéillte, níl Dleacht Stampa inmhuirir. Níl ort tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh.
Ar aghaidh: Socruithe eatramhacha