Do thuairisceán cánach bronntanais nó oidhreachta a chomhlánú (IT38)

Dualgais tíolactha do thairbhithe

Tá trí ghrúpthairseach éagsúla saor ó cháin ann. Braitheann na tairseacha seo ar do ghaol leis an duine atá ag tabhairt an bhronntanais nó na hoidhreachta. Ní mór cáin a íoc nuair a sháraíonn luach incháinithe iomlán na mbronntanas nó na n-oidhreachtaí uile a fuarthas laistigh d’aon ghrúpa an tairseach sin.

Má sháraíonn luach incháinithe iomlán do bhronntanas agus oidhreachtaí 80% den ghrúpthairseach chuí, ní mór duit tuairisceán IT38 a thíolacadh. Tá an dualgas seo i bhfeidhm cé go féadfaidh sé nach bhfuil dliteanas Cánach Fáltas Caipitiúil (CFC) agat.

Chun an 80% a ríomh, comhiomlánaigh luach incháinithe na sochar uile a fuarthas laistigh den ghrúpthairseach chéanna ón 05 Nollaig 1991.

Bain úsáid as moChúrsaí nó Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun do thuairisceán IT38 a chomhlánú agus a thíolacadh.

Má tá faoiseamh talmhaíochta nó faoiseamh gnó á éileamh agat ar bhronntanas nó oidhreacht, ní mór duit tuairisceán CFC a thíolacadh. Tá feidhm aige seo is cuma faoi luach incháinithe maoine talmhaíochta nó gnó agus a cion den ghrúpthairseach ábhartha.

Má fhaigheann tú bronntanas maidir le hiasacht saor ó ús, féadfaidh sé go mbeidh ort tuairisceán CFC a thíolacadh. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Dualgais tíolactha maidir le hiasachtaí áirithe saor ó ús.

Ar aghaidh: Dualgais tíolactha do dhiúscróirí